Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar ár gcúrsaí Foghlama agus Forbartha Gairmiúla Leanúnaí d’Aosaigh (CPD) ar líne ar Chóras Iarratais Ollscoil na Gaillimhe.

Leideanna i ndáil le hiarratas a dhéanamh

  1. Féach ar riachtanais iontrála do chúrsa. Tá siad seo liostaithe faoin táb dar teideal Príomhfhíricí ar leathanaigh ghréasáin na gcúrsaí.
  2. Seiceáil spriocdháta an chúrsa. Tá spriocdháta do gach cúrsa éagsúil ach de ghnáth is ó lár mhí Iúil go deireadh Lúnasa gach bliain acadúil a bhíonn i gceist. Déan an spriocdháta atá sonraithe ar leathanach an chúrsa a sheiceáil agus déan cinnte go gcloíonn tú leis an spriocdháta seo.
  3. Bíodh do chuid Cáipéisí Tacaíochta ar fad réidh le huaslódáil agat le d’iarratas. Iarrfar ort iad seo a chur isteach le linn an phróisis iarratais.
  4. Téigh chuig Córas Iarratais Ollscoil na Gaillimhe agus cruthaigh cuntas. Beidh cuntas ríomhphoist gníomhach ag teastáil chun cuntas a chruthú agus chun an córas iarratais a úsáid. Treorófar thú tríd an gcóras, céim ar chéim, go dtí go gcríochnaíonn tú an fhoirm ar líne. 
  5. Cinntigh go roghnaíonn tú Iarratais Fochéime/Iarchéime, CPD, Cúrsaí Micridhintiúr & Scoile Samhraidh faoin Ionad Foghlama d’Aosaigh.

    NB:
     Chun do chúrsa a roghnú iarrfar ort an t-eolas seo a leanas atá le fáil ar ár láithreán gréasáin nó inár réamheolaire a chur in iúl:

    Leibhéal Acadúil
     (i.e. Dioplóma)
    Coláiste/Ábhar Spéise (i.e. Foghlaim d’Aosaigh & Cúrsaí CPD)
    Clár/Cúrsa (i.e. Fraincis (Dioplóma) – FR)
    Téarma Acadúil (i.e. Fómhar 2023)

    Ba cheart d’iarratasóirí ar mian leo tabhairt faoi chúrsa ar bhonn modúlach san Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach (CPD) an Leibhéal Acadúil de Mhodúl Neamhspleách – CPD – Cúrsaí Micridhintiúr a roghnú agus ansin iarratas nua a chruthú.
  6. Cinntigh go roghnaíonn tú Iarratais Fochéime/Iarchéime, CPD, Cúrsaí Micridhintiúr & Scoile Samhraidh faoin Ionad Foghlama d’Aosaigh.
  7. Léigh agus freagair na ceisteanna go léir ar an bhfoirm iarratais go cúramach agus go cruinn.
  8. Nuair a bheidh an cheist mhaoinithe á freagairt agat, cinntigh go roghnaíonn tú Níl, ciallaíonn go bhfuil maoiniú iomlán á fháil agat ó d'fhostóir/urraitheoir agus beidh ort cruthúnas den mhaoiniú seo a chur ar fáil. Ciallaíonn Níl go mbeidh an cúrsa á mhaoiniú agat féin go pearsanta.
  9. Cinntigh go gcuireann tú isteach d’iarratas agus go n-íocann tú an táille iarratais €35.00 (más cuí).
  10. Uaslódáil cóip de gach cáipéis tacaíochta sna míreanna ábhartha faoin táb dar teideal Uaslódáil Cáipéisí Tacaíochta. Ní bheidh an chuid seo le feiceáil go dtí go mbeidh d’iarratas ‘seolta isteach’ agat. A luaithe a bheidh na cáipéisí ar fad uaslódáilte agat, ba cheart go n-athródh stádas d’iarratais go ‘críochnaithe’.
  11. Cinntigh go bhfaigheann tú rphost deimhnithe ag cur in iúl duit go bhfuil d’iarratas críochnaithe nuair a uaslódálann tú gach cáipéis éigeantach. Nuair a logálann tú isteach ar an tairseach, ba cheart go mbeadh sé le feiceáil go bhfuil stádas d’iarratais ‘críochnaithe’.

Féadfaidh an próiseas a bhaineann le hiarratais a mheas agus áiteanna a thairiscint suas le ceithre seachtaine a ghlacadh agus moltar duit an seoladh rphoist a úsáideann tú do do chomhfhreagras a sheiceáil go rialta mar go gcuirfear gach eolas maidir le cúrsa chugat ar an seoladh rphoist seo.

ÁDH MÓR!

Conas Glacadh le tairiscint nó Diúltú do thairiscint ar áit?

Comhghairdeas, tá tairiscint faighte agat do do chúrsa páirtaimseartha tríd an gcóras iarratais ar líne. Má tá sé ar intinn agat glacadh leis an tairiscint/diúltú don tairiscint, léigh an t-eolas seo a leanas. 

Chun glacadh le nó diúltú do thairiscint daingean ar áit, beidh ort:

  • A chur in iúl an bhfuil tú ag glacadh leis an tairiscint nó nach bhfuil tríd an gcóras iarratais ar líne ach GLACAIMDIÚLTAÍM a chliceáil sa mhír chuí.
  • Cinntigh d’áit ar chúrsa trí éarlais €500 a íoc ar líne faoin spriocdháta freagartha mar atá sonraithe i do chuntas ar líne – déantar an éarlais seo a chur in aghaidh na táille iomláine. Mura bhfuil tú in ann an éarlais a íoc laistigh den tréimhse GHLACTHA, déan teagmháil le riarthóir do chúrsa a thabharfaidh comhairle duit maidir leis na chéad chéimeanna eile.

Chun glacadh nó diúltú thairiscint choinníollach – áit mhaoinithe, beidh ort:

  • A chur in iúl an bhfuil tú ag glacadh leis an tairiscint nó nach bhfuil tríd an gcóras ar líne ach GLACAIMDIÚLTAÍM a chliceáil sa mhír chuí.
  • Chun d’áit ar an gcúrsa a chinntiú nuair atá maoiniú á fháil agat, ní mór duit fianaise ar an gcruthúnas maoinithe seo ó d’fhostóir/urraitheoir a uaslódáil laistigh den fhráma ama sonraithe sa mhír dar teideal Cáipéisí Tacaíochta.

Seolfar sonraí clárúcháin breise agus cumarsáid ón roinn ar leith chuig gach iarratasóir tuairim is coicís roimh thús an chúrsa, le heolas faoin dáta clárúcháin agus amanna na léachtaí ar do chúrsa.

Cad a dhéanfaidh mé má tá fadhb agam le m’iarratas?

Má tá fadhb agat le d’iarratas, déan teagmháil le riarthóir an chúrsa pháirtaimseartha a roghnaigh tú (atá liostaithe inár réamheolaire nó ar ár láithreán gréasáin) agus beidh sé/sí in ann comhairle a chur ort.