Fáilte chuig an Ionad Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh

Agus breis is 50 bliain caite ag cur deiseanna oideachais ar fáil d’fhoghlaimeoirí lánfhásta agus deiseanna chun scileanna nua a shealbhú, cuireann an tIonad Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d'Aosaigh réimse leathan cúrsaí páirtaimseartha agus solúbtha ar fáil i raon leathan ábhar lena n-áirítear na Dána, na Daonnachtaí & na hEolaíochtaí Sóisialta, Gnó/Bainistíocht, Eolaíocht & Teicneolaíocht, Teicneolaíocht Faisnéise, Oiliúint & Oideachas agus Oideachas Pobail.

Cuirimid fáilte roimh os cionn 1,800 foghlaimeoir páirtaimseartha chuig an Ionad gach bliain. Soláthraímid modúil astu féin ar mhaithe leis an bhForbairt Ghairmiúil Leanúnach (CPD), cúrsaí micridhintiúr, eispéiris foghlama ghearra chreidiúnaithe le haghaidh breisoiliúna nó athoiliúna agus cúrsaí a mbaineann Teastas, Dioplóma, Céim agus Máistreacht leo. Mar sin, más mian leat tabhairt faoi chúrsa ar bhonn pearsanta nó chun breisoiliúint a chur ort féin nó má theastaíonn uait scileanna nua a shealbhú ar mhaithe le fostaíocht, tá tú san áit cheart!

Is iomaí bealach éagsúil atá tú in ann tabhairt faoi chúrsa a thugann deis duit staidéar a dhéanamh ar do luas féin ag brath ar do shaol oibre agus pearsanta.

Seo a leanas na roghanna solúbtha atá againn:

  • Bunaithe sa seomra ranga: léachtaí nó ceardlanna ar an gcampas
  • Foghlaim ar líne: go hiomlán ar líne
  • Foghlaim Chumaisc: meascán d'fhoghlaim sa seomra ranga agus staidéar ar líne/sa bhaile
  • Foghlaim ar bhonn modúil: staidéar a dhéanamh ar do chúrsa thar thréimhse ama, modúl amháin nó péire ag an am
  • Creidiúint don Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach (CPD): ag tabhairt faoi mhodúil astu féin chun do chuid scileanna gairmiúla a fheabhsú
  • Cúrsaí Micridhintiúr: Eispéiris foghlama ghearra chreidiúnaithe le haghaidh breisoiliúna nó athoiliúna

Is teagascóirí a bhfuil a lán taithí oideachais acu iad na teagascóirí a bhfuil spéis ar leith acu a bheith ag obair le foghlaimeoirí lánfhásta. Beidh deis agat leas a bhaint as na seirbhísí tacaíochta chun cur le do thaithí foghlama.

Déanfaidh foireann chabhrach an Ionaid tú a stiúradh le linn do chuid staidéir agus tá siad ar fáil chun aon cheisteanna a bheadh agat a fhreagairt.

 

Tá liosta iomlán na gcúrsaí le fáil anseo: Aimsigh Cúrsa