Táillí an chúrsa

Tá táille an chúrsa (AE agus neamh-AE) liostaithe ar leathanaigh na gcúrsaí éagsúla. Tá na táillí teagaisc le híoc gach bliain agus de ghnáth íoctar iad ina ngálaí:

  • An chéad ghála: éarlais ar ghlacadh leis an gcúrsa (is éarlais neamh-in-aisíoctha í seo a rachaidh i dtreo tháille iomlán an chúrsa)
  • An dara gála: 50% den táille atá fós dlite le híoc sula gcláraíonn tú i mí Mheán Fómhair
  • An tríú gála: 50% den táille atá fós dlite le híoc roimh dheireadh mhí Eanáir

Féadfar modhanna íocaíochta eile a shocrú do mhic léinn chun táillí cúrsa a íoc ar bhonn solúbtha. Má theastaíonn uait éileamh a dhéanamh ar an socrú seo, moltar duit dul i dteagmháil le riarthóir an chúrsa chun tuilleadh eolais a fháil faoin rogha íocaíochta seo.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi tháillí, féach Polasaí Táillí an Ionaid.

Aisíocaíocht ar tháillí
Tá iarratasóirí i dteideal aisíoc iomlán ar éarlais nó táille iarratais má dhéanann siad iarratas laistigh de 14 lá ón lá a ndéantar an táille iarratais nó an éarlais a íoc. Nuair a chláraíonn tú ar chúrsa caithfidh tú an táille iomlán a íoc beag beann má chríochnaíonn/má fhreastalaíonn tú ar an gcúrsa. Tá sé tábhachtach go dtuigfidh tú nádúr an chúrsa, ábhar an chúrsa agus na riachtanais éagsúla a bhaineann leis sula gcláraíonn tú, mar nach bhfuil aon oibleagáid ar an Ollscoil táillí nó aon chuid díobh a aisíoc. Más mian leat an cinneadh seo a achomharc, déan teagmháil le riarthóir do chúrsa chun eolas maidir le héirí as an gcúrsa a fháil nó na táillí íoctha a achomharc.

Costais bhreise
De ghnáth clúdaíonn táillí an chúrsa na costais teagaisc agus an t-ábhar cúrsa uile. Mar sin féin, i gcás cúrsaí áirithe, d’fhéadfadh go mbeadh ort téacsleabhair bhreise a cheannach.

Do chúrsa léinn a mhaoiniú

Is féidir leat tacaíocht airgeadais a lorg do do chúrsa léinn ar roinnt bealaí:

Urraíocht

D’fhéadfadh go ndéanfadh d’fhostóir urraíocht ar do chúrsa má tá baint dhíreach ag an gcúrsa léinn le d'ionad oibre. D’fhéadfá urraíocht a fháil ó eagraíochtaí pobail nó forbartha áitiúla chomh maith.

Faoiseamh ó Cháin Ioncaim

Tá faoiseamh ó cháin ag an ráta caighdeánach ar fáil do gach cúrsa atá dhá bhliain nó níos faide ar fhad. Chun eolas sonrach a fháil ar an scéim seo, déan teagmháil le d’oifig cánach áitiúla nó téigh chuig www.revenue.ie

Ciste Cúnaimh Airgid

Is ann don Chiste Cúnaimh do Mhic Léinn chun cúnamh airgid a thabhairt do mhic léinn a dteastaíonn sí uathu chun go mbeidh siad in ann an tairbhe is mó a bhaint as an staidéar tríú leibhéal. Tá sé ar fáil do mhic léinn pháirtaimseartha, ach caithfidh mic léinn a bheith cláraithe sula bhféadfar iarratas a dhéanamh. Tuilleadh eolais...

Scoláireachtaí

Scoláireacht Teagaisc don Fhoghlaim d’Aosaigh

Tá an scéim seo ar fáil do mhic léinn atá ag cuardach poist nó do mhic léinn ar uaireanta laghdaithe oibre, agus ar mian leo a gcuid scileanna agus eolas a thabhairt cothrom le dáta trí pháirt a ghlacadh i gcúrsa páirtaimseartha, solúbtha. Is ionann na scoláireachtaí agus ranníocaíocht 30% i leith tháille an chúrsa do mhic léinn a dhéanann iarratas den chéad uair.

An gcáilím don scéim?

Tá an scoláireacht seo a fáil d’iarratasóirí a bhfuil gnáthchónaí orthu in Éirinn agus a chomhlíonann rialacha náisiúntachta agus cónaithe an AE (i.e. a bhfuil gnáthchónaí orthu i stát AE/LEE/RA/nó san Eilvéis ar feadh trí bliana ar a laghad de na cúig bliana roimh dóibh iarratas a dhéanamh ar an gcúrsa). Is féidir iarratas a chur isteach do chúrsa amháin in aghaidh na bliana; ní cheadófar iarratais ar scoláireacht a dhéanamh do roinnt cúrsaí. Caithfidh tú a bheith cláraithe mar dhuine atá dífhostaithe agus/nó ag fáil ceann amháin de na híocaíochtaí seo a leanas:

  • Sochar Cuardaitheora Poist
  • Liúntas Cuardaitheora Poist
  • Liúntas Cúramóra
  • Liúntas Teaghlaigh Aontuismitheora
  • Liúntas Míchumais
  • Scéim Fostaíochta Pobail
  • nó ag clárú do chreidmheasanna ranníocaíochta árachais shóisialaigh

Caithfidh tú ráiteas ó d’oifig áitiúil de chuid na Roinne Coimirce Sóisialaí a chur ar fáil ag deimhniú go bhfuil tú i dteideal na n-íocaíochtaí thuas. Iarrtar ort chomh maith a fháil amach ón gcomhairleoir coimirce sóisialaí atá agat an gcuirfidh an scoláireacht seo as do do theidlíochtaí faoin scéim liúntais leasa forlíontach (i.e. forlíonadh cíosa nó morgáiste nó cárta leighis etc).

Ní mór iarratas a dhéanamh ar bhonn bliantúil agus déanfar athbhreithniú ó thaobh d’incháilitheachta don scéim go bliantúil.

Cén chaoi a ndéanfaidh mé iarratas?

Beidh ort an Fhoirm Scoláireachta 2023_2024 a íoslódáil. Is féidir an fhoirm seo a sheoladh ar rphost nó sa phost chuig riarthóir an chúrsa mar aon leis na cáipéisí tacaíochta riachtanacha ón Roinn Coimirce Sóisialaí le hathbhreithniú. Áirítear ar an bhfoirm seo liosta de na cúrsaí (a mbaineann an scoláireacht leo) agus liosta de riarthóirí na gcúrsaí éagsúla.

Cúrsaí Springboard

Faoin scéim seo tugtar lascaine teagaisc 90% do mhic léinn atá fostaithe agus tugtar lascaine 100% (áit iomlán maoinithe), do mhic léinn atá dífhostaithe. Baineann an scéim le cúrsaí áirithe i réimsí lena mbaineann riachtanais ardscileanna i ngeilleagar na hÉireann. Cuirimid réimse cúrsaí páirtaimseartha Springboard ar fáil gach bliain agus déanfar an láithreán gréasáin a nuashonrú leis an eolas seo arís i mí an Mheithimh 2023.

Springboard Banner 2023

Ciste Scoláireachta 1916

Tairgtear an scéim sparánachta seo ar bhonn réigiúnach agus tá sé dírithe ar mhic léinn ó phobail agus ó ghrúpaí socheacnamaíochta faoi ghannionadaíocht; mic léinn faoi mhíchumas; mic léinn lánfhásta a dhéanann iarratas den chéad uair; baill de phobal Taistealaithe na hÉireann; mic léinn a chláraíonn bunaithe ar dhámhachtain breisoideachais; agus foghlaimeoirí solúbtha páirtaimseartha. Tuilleadh eolais...

Maoiniú Next Level Skillnet

Next Level Skillnet Logo

Tá na cúrsaí seo a leanas faofa ag Next Level Skillnet d’fhóirdheontas táillí suas le 40% do mhic léinn a bhfuil a gcuideachta ina ball de Líonra Next Level Skillnet

Tabhair faoi deara, nach bhfuil ach líon teoranta fóirdheontas ar fáil agus nach mór d’iarratasóirí na critéir riachtanacha mar atá leagtha amach ag Next Level Skillnet a chomhlíonadh. Ó thaobh maoiniú de, tabharfar tús áite dóibh siúd is túisce a dhéanfaidh iarratas. Moltar iarratas a dhéanamh a luaithe agus is féidir.

Déan teagmháil le: Sue Davies: Sue Davies – sue@nextlevel.ie

Maoiniú Executive Skillnet

Galway Executive Skillnet Logo

Tá na cúrsaí seo a leanas faofa ag Galway Executive Skillnet d’fhóirdheontas táillí suas le 40% do mhic léinn a bhfuil a gcuideachta ina bhall de Líonra Galway Executive Skillnet.

Tabhair faoi deara, nach bhfuil ach líon teoranta fóirdheontas ar fáil agus nach mór d’iarratasóirí na critéir riachtanacha mar atá leagtha amach ag Galway Executive Skillnet a chomhlíonadh. Ó thaobh maoiniú de, tabharfar tús áite dóibh siúd is túisce a dhéanfaidh iarratas. Moltar iarratas a dhéanamh a luaithe agus is féidir.

Déan teagmháil le: Eamonn Molloy – info@galwayexecutiveskillnet.com

Scoláireacht Uversity

Cuireann an Scoláireacht Uversity tacaíocht airgeadais ilbhliantúil ar fáil do mhic léinn a chláraíonn ar chéim bhaitsiléara den chéad uair. Níl na scoláireachtaí teoranta do réimsí ábhar ar leith agus cuirfidh siad ar chumas iad siúd a fhaigheann iad céim bhaitsiléara a dhéanamh i gceann de na hinstitiúidí i bPoblacht na hÉireann nó i dTuaisceart Éireann atá páirteach faoin scoláireacht seo. Is féidir iarratas a dhéanamh ón 1 Feabhra 2023 go dtí an 24 Márta 2023. Faigh tuilleadh eolais ar láithreán gréasáin Uversity.

Aisíocaíocht ar tháillí